Ba chumadóir Francach Claude Debussy (IPA: ) (22 Lúnasa 1862 – 25 Márta 1918). In éineacht le Maurice Ravel, ba cheann de mhór-chumadóirí na linne ar an stíl 'impriseanaíoch" é.
Tá Debussy ar cheann de na cumadóirí Francacha is tábhachtaí sa 19ú/20ú haois. Ach ní bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó, fiú ag deireadh a shaoil. Bronnadh an 'Chevalier de la Légion d'honneur' air sa bhliain 1903, onóir bheag. Ach níor ligeadh isteach in Institut de France é riamh.
Amach sna daichidí a bhí Debussy nuair a tháinig galar díblithe air. Diagnóisíodh é le hailse na drólainne in 1909. Rinneadh colastóime air sa bhliain 1915. Ní faoiseamh a fuair sé ach a mhalairt. Fuair sé bás, cúpla bliain níos déanaí, ar 25 Márta 1918 i bPáras. Ní raibh ach 55 bliain d'aois aige.
Bhí sochraid an-bheag air, agus an Cogadh Mór faoi lánseol.
D'úsáid Debussy cordaí bunaithe ar cheathracha go minic ina chuid ceoil.
Tréithe eile ː Cordaí; “armóin doiléir”; scálaí neamhghnácha; gach nóta cothrom; easpa lár-nóta tonúlachta, srl.
Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l’après-midi d’un faune” – thóg an cur chuige avant-garde racán agus scannal dochreidte.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |