Is comhlachtríomhaireachta é International Business Machines, nó IBM mar a thugtar air de ghnáth. Déantúsaíonn agus díolann an comhlacht crua-earraí ríomhaireachta, bogearraí, agus seirbhísí comhairleacha. Faoi seo soláthraíonn IBM bainistíocht áiseanna chun seirbhísí tacaíochta a thabhairt do chomhlachtaí eile maidir le forbairt is feidhmeanna na ríomhaireachta.
Bhunaigh Herman Hollerith an comhlacht IBM sa bhliain 1924. Ba innealtóir Meiriceánach de phór na Gearmáine é Herman Hollerith (1860-1929). Dhear sé meaisín táblúcháin le haghaidh an daonáirimh 1890 sna Stáit Aontaithe. Bhunaigh sé an comhlacht Computing Tabulating Recording Corporation. B'é a chomhlacht réamhtheachtaí IBM. Athainmníodh an CTRC mar IBM sa bhliain 1924.
Sna 1950-1990idí, bhí IBM an comhlacht ba rathúla ar domhan nuair a tháirg sí mór-ríomhairí.
I 1983 lainseáil IBM an ríomhaire pearsanta. Tháinig na ríomhairí seo chun níos mó ná 85% de mhargadh na ríomhairí a ghabháil. Ach bhí na PC déanta ag comhlachtaí eile freisin, agus de réir a chéile, d'éirigh cuid acu a níos mó ná IBM (tháinig Microsoft chun cinn nuair a dhear is a sholáthraigh sé an córas oibriúcháin MS-DOS i gcomhair ríomhairí pearsanta IBM).
Bhí IBM an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan go dtí na 2000idí.
Aireagáin
D'athraigh na haireagáin seo an domhan:
Comhartha-fháinne: Saghas líonra ceantair áitiúil (LAN) a d'fhorbair IBM, a bhaineann úsáid as toipeolaíocht fáinne ina gcuirtear comhartha thart ó ríomhaire go ríomhaire timpeall an fháinne.
Tarchur dénártha sioncronach: Foirm tarchur sonraí i líonra ríomhairí le cianfheiste amháin nó níos mó ceangailte le mór-ríomhaire. Baineann an téarma le comhlacht IBM go príomha.
Teanga Struchtúrtha Iarratais (SQL): Teanga iarratais a d'fhorbair comhlacht IBM, anois ina teanga chaighdeánach idirnáisiúnta le hiarratais a chumadh i gcomhair bunachair choibhneasta sonraí.
Bill Gates (Microsoft). I 1981 chinn comhlacht IBM MS-DOS a shuiteáil ina ríomhairí pearsanta nua, céim mhór ar aghaidh do Microsoft.
Leo Esaki. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Ivar Giaever is Brian Josephson i 1973.